Teachtaireacht Nollag an Mhéara
Mar Mhéara Chomhairle an Iúir agus Mhúrn is mór an pleisiúr dom Beannachtaí na Féile a thabhairt ar mhuintir an Iúir agus Mhúrn um Nollaig seo.
Ba bhliain dúshlánach í an bhliain seo don Chomhairle ach déanaimid ár seacht ndícheall seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil dár saoránaigh go fóill.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le cuid mhór daoine sna hearnálacha deonacha, cultúrtha agus spóirt a chuireann le saol sóisialta agus pobail an cheantair seo.
Thar ceann na Comhairle is é mo ghuí go mbeidh Nollaig Shona agus Athbhliain Síochánta agus Rathúla ag achan duine i gceantar an Iúir agus Mhúrn.
Séarlaí Ó Cathasaigh
An Méara
Bí Réidh don Gheimhreadh seo!
Ní bheidh an geimhreadh seo ina fhadhb duitse má fhreastlaíonn tú ar ócáid eolais atá socraithe ag Roinn Fholláine Chomhshaoil agus Seirbhísí Tógála de chuid na Comhairle.
Cuirtear fáilte roimh dhaoine theacht chuig an ócáid a bheas ar siúl i bhforhalla Choláiste Réigiúnda an Deiscirt, Campas an Iarthair, Sráid Phádraig, an tIúr ar 4.00pm-8.00pm ar an Mháirt 13 Nollaig 2011.
Beidh réimse gníomhaireachtaí éagsúla i láthair le comhairle a thabhairt ar cheisteanna a leithéid de theirminsliú, an teach a théamh, ullmhú d’éigeandáil, agus scéimeanna fuinneamh baile atá cuí.
Seoltar cóip na bileoige chuig achan teach fríd an phost.
Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar shuíomh na Comhairle www.newryandmourne.gov.uk nó glaoigh ar Roinn Folláine Chomhshaoil ar 028 3031 3100.
Taispeántais in Iarsmalainn an Iúir agus Mhúrn
Cuireann Comhairle an Iúir fáilte romhat cuairt a thabhairt ar an ghailearaí taispeántais nua i gCaisleán Bagenal.
Faoi láthair tá taispeántas sealadach nua ann dár teideal Nósanna agus Deasghnátha fríd na hAoiseanna i gCeantar an Iúir agus Mhúrn.
Chomh maith leis sin tá taispeántas eile dár teideal ‘A Great Change - the lives and times of James Harshaw, John Martin and John Mitchel’ a dtugann tuiscint níos fearr dúinn fán saol i rith agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Beidh sé ar thaispeáint go Feabhra 2012.
Le haghaidh tuileadh eolais ar imeachtaí na hiarsmalainne glaoigh ar: 028 3031 3182 or 028 3031 3178 nó tabhair cuairt ar www.newryandmourne.gov.uk
Turas ar Thír Gheimhridh na nIontas
Is turas draíochtach dhá uair a chloig é seo ina dtéann na páistí ar chuairt sna bolaí seo i gclós Shliabh gCuillinn, chun eolas a fhoghlaim fá fhiadhúlra, mhiotaseolaíocht agus dhúlra na háite- eolas a chuidíonn le Santaí chun an Nollaig a shabháilt!!!
Tagann Tír Gheimhridh na n-Iontas de chuid na Comhairle agus Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn na páistí ar thuras draíochtach frid fhoraois Shliabh gCuillinn. Trí mheán na healaíne, an cheoil agus drámaíochta fágann an taithí spraoi agus foghlama seo rian ar shamhlaíocht na bpáistí sna blianta romhainn.
Tá imeachtaí na Féile ar cheann de na himeachta is mó a bhfuil éileamh air i rith na bliana agus a bheas ar siúl i gclós Shliabh gCuillinn ag Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn le cuidiú ó Ghrúpa Ghleann Rí. Is cinnte go mbeadh sé níos mó agus níos fearr i mbliana. Is meascán de spraoi teaghlaigh agus oideachas é a chinntíonn go dtéann tuismitheoirí agus páistí chun an bhaile agus iad sona, spíonta agus sásta!
Tá ráchairt mhór ar imeacht na bliana seo cheana, gur chuir Enspire leis na dátaí eile mar gheall ar an éileamh millteanach seo. Le haghaidh tuilleadh eolais fána himeachtaí seo tabhair cuairt ar
www.enspirelearn.com
Teach Éigse Sheáin Uí Chuileannáin - Taispeántais
Déardaoin 29ú Nollaig 2011
8.00pm Ceolchoirm le Juliet Turner
Le haghaidh eolas thicéid glaoigh ar Theach Éigse Sheáin Uí Chuileannáin ar 028 3031 3180
Halla Baile an Iúir
Céadaoin 14ú Nollaig 2011
8.00pm Ceolchoirm Chór Fear na Cloiche Móire Ticéid: £7.00 ar fáil ag Teach Éigse Sheáin Uí Chuileannáin
Aoine 16ú agus Satharn 17ú Nollaig 2011 8.00pm agus nóinléiriú breise Satharn 17ú Nollaig ar 2.00pm
Léiríonn Kaleidoscope NI The Nightmare Before Christmas
Ticéid: £10.00 / ticéid nóinléirithe: £7.00 ar fáil ag Teach Éigse Sheáin Uí Chuileannáin
Tagann toscaireacht Marseillan chun Bhaile na Lorgan agus chun an Iúir agus Mhúrn
Tháinig ionadaithe ó Marseillan i nDeisceart na Fraince, an Méara Yves Michel agus Oifigigh Turasóireachta ina measc chuig Comhairle Bhaile na Lorgan agus Comhairle an Iúir agus Mhúrn le forbairt a chur chun cinn i dtaobh nascanna nua tábhachtacha i gcúrsaí eacnamaíochta, gnó, turasóireachta agus sóisialta.
Ba mhaith leis an Mhéara Marseillan an tUas. Yves Michel fáil amach faoin chomhoibriú trasteorann idir Comhairle Bhaile na Lorgan agus Comhairle an Iúir agus Mhúrn agus thréaslaigh sé le toscaireacht na hEireann forbairt na nascanna trasteorann tábhachtach seo. Dúirt sé go léiríonn na nascanna seo na torthaí suntasacha a chruthaíonn deiseanna nua chun Éire Thuaidh agus Theas a chur chun cinn. Chuaigh ceantar an Iúir agus Mhúrn i bhfeidhm go mór ar an toscaireacht agus tugadh deis dóibh cuairt a thabhairt ar Shliabh gCuillinn, ar na Beanna Boirche, ar an Iúr, ar an Phointe, ar Ros Treabhair agus ar Chill Chaoil. Bhí failtiú cathartha ann dóibh i gComhairle an Iúir agus Mhúrn um thráthnóna.
Mar chuid den aontas cuideoidh achan grúpa le margaíocht socmhainní na mball eile. Spreagfaidh gach grúpa daoine an réigiúin dul ar saoire sa cheantar eile. Beidh buntáistí suntasacha don dá gheilleagar ann a chothaíonn deiseanna gnó agus jabchruthúcháin breise. Cuirtear eolas fá Bhaile na Lorgan agus fá cheantar an Iúir agus Mhúrn i bhfoilseachán Marseillan Lo Cridaire chun cuairteoirí breise na Fraince a mhealladh chun an réigiúin seo.
Lá Mór na Gaeilge- ag Ceiliúradh na Gaeilge
D’eagraigh Aonad na Gaeilge ceiliúradh na Gaeilge i Seomra an Bhoird agus seoladh bileog Sheirbhísí na Gaeilge a léiríonn seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Chomhairle. Bhain Comhairleoirí, an Bhainistíocht agus foireann na Comhairle an-sult as an tsiamsaíocht a chur pobal na Gaeilge agus daltaí Bhunscoil an Iúir agus Scoil Phádraig Naofa ar fáil dóibh. Bhí Tomaí Rua Ó Conghaile de bhunadh na háite agus réalt na meán ina fhear a tí ag an ócáid. Athdheimhnigh an t-imeacht tiomantas na Comhairle do chur chun cinn na Gaeilge taobh istigh sa Chomhairle agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá an bhileog ar fáil ar
gaeilge@newryandmourne.gov.uk
D’aimsigh an Chomhairle maoiniú breise d’Ollionad Spóirt agus Pobail Choláiste Cholmáin
D’aimsigh Comhairle an Iúir agus Mhúrn airgead breise ar luach £113,042 don tionscnamh seo mar chuid den chonradh atá ann cheana dena oibreacha atá ag teacht chun deireadh. I measc na hacmhainní beidh raon reatha 400m le sé lána, dromchla imeartha sintéiseach le haghaidh rugbaí, sacair agus peil Ghaelach chomh maith le bloc pobail, feistis agus riaracháin. Beidh achan achar tuilsoilsithe.
Bhí lá oscailte ar siúl Dé Sathairn 12 Samhain agus faoi láthair tá an Chomhairle ag glacadh léirithe spéise agus beidh an tIonad ar oscailte ón 28ú Samhain ar aghaidh. Cuirfidh an t-airgead breise dromchla breise don léim ard in achar Chluichí Páirce i lár an raon lúthchleasa.
Arsa an Méara ‘Bhí mé thar a bheith sásta leis an tsuim a léirigh an pobal ag an lá oscailte Dé Sathairn. Cuirfidh an t-ionad seo, le tacú ón Chomhairle, áiseanna spóirt agus siamsaíochta ar fáil do réimse leathan d’úsáideoirí ina measc scéimeanna samhraidh, úsáideoirí aeraíochta, cláir thraenála na gcóitseálaithe chomh maith le forbairt lúthchleasaí scothaicme. Aithníonn an Chomhairle tábhacht an tionscnaimh seo ní amháin gur thug sí airgead caipitil suntasach dó ach go bhfuil an Chomhairle tiomanta do na hacmhainní seo a chothabháil. Cinnteoidh an deontas is déanaí seo go soláthróidh Cluichí Páirce ag leibhéal áitiúil agus go foréigiúnach chomh maith. Ba mhaith liom moladh a dhéanamh d’Oifigigh Roinn Fhorbairt an Cheantair a d’aimsigh an t-airgead breise seo ón rialtas lair.’
Is féidir suim a léiriú in áirithintí ach a dhul i dteagmháil le Bainisteoirí ag Ionad Spóirt an Iúir ar 028 3031 3130
Seoladh Príomhphlean
Seoladh Príomhphlean Chathaoir an Iúir i mí Dheireadh Fómhair a mbeadh ina phríomhthagairt do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i dtodhchaí na cathrach, ina measc ranna rialtais áitiúil, gnóithe príobháideacha, forbróirí agus ailtirí, na hearnálacha pobail agus deonacha agus an pobal i gcoitinne. Soláthróidh an Chomhairle scéim limistéar poiblí de luach £1.5 milliún i Sráid Hill agus Sráid Mhuineachain sa bhliain 2012 mar chuid den Phríomhphlean.
Bhí an Príomhphlean comhchoiminisúnaithe ag Chomhairle an Iúir agus Mhúrn agus ag Roinn Forbartha Sóisialta. Tá ról lárnach ag an Phríomhphlean i dtiomantas na n-eagraíochtaí le haghaidh athnuachan, fisiciúil, sóisialta agus eacnamaíoch an Iúir agus an limistéir thart timpeall air. Tá cóipeanna ar fáil le híoslódáil ar shuíomh na Comhairle
www.newryandmourne.gov.uk
Pleananna Lá Fhéile Pádraig
Tá sé beartaithe go mbeidh Lá Fhéile Padraig i gCathair an Iúir níos mó agus níos fearr ná riamh. Tosnóidh an Pharáid ag Ionad Siopadóireachta na gCéanna ar an mheánlae. Beidh siamsaíocht agus Trádáil Sráide ar Sr. Chill Dara ar an mheánlae agus beidh Céilí Mór ag toiseacht i Halla Baile an Iúir ar 3.00pm.
Beidh imeachtaí féilte eile ar siúl ina measc Seirbhís Éacúiméineach do dháltaí meánscoile in Eaglais N. Pádraig le linn uaireanta scoile Aonach Siamsaíochta i bPáirc N. Críostóir idir Aoine 9ú Márta agus Domhnach 18ú Márta agus beidh Bannacheoil na Tulaí ag seinm ag Céilí speisialta in Óstán Chúirt na Canála Dé hAoine 16 Márta ar 8.00pm.
Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn
Tá go leor leor ag tarlú i Limistéar Sáráilleachta Nádúrtha Fháinne Cnoc Shliabh gCuillinn le linn an gheimhridh seo. Cé gur cuireadh tús le hobair an Plean Gníomhaíochta cheana féin, seolfar Plean Bainistíochta agus Plean Gníomhaíochta go foirmeálta i Mí na Nollag. D’eagraigh Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn imeacht teaghlaigh chóir a bheith achan mhí i mbliana agus beidh dhá imeacht eile ar siúl i Mí na Nollag. Má tá eolas uait faoina himeachtaí siúd tabhair cuairt ar threoir imeachtaí ar www.ringofgullion.org agus cláraigh don nuachtlitir. Tchífidh tú grianghrafanna na mbuaiteoirí sa chéad chomórtas grianghrafadóireachta agus sonraí chun greim a fháil ar an fhéilire. Tá Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn ar fáil ar Facebook anois.
Páirc Súgartha Dheisceart Ard Mhacha Fo-réigiúnaigh
Shínigh Comhairle an Iúir agus Mhúrn conradh léasa go foirmeálta leis an Seirbhís Foraoise le haghaidh píosa talún i bPáirc Foraoise Shliabh gCuillinn chun Páirc Súgartha Dheisceart Ard Mhacha Fo-réigiúnaigh a fhorbairt. Ceapadh conraitheoir agus tosnóidh an obair i Mí na Nollag. Is iad CCIM, SOAR agus CASA maoinitheoirí na scéime seo.
Seoladh Tionscnamh CASA um Fhorbairt Tuaithe
Sheol Aire Tamhlaíochta agus Forbartha Tuaithe Michelle O’Neill Tionscnamh CASA um Fhorbairt Tuaithe ag ócáid ar leith in Ionad Cultúrtha Tí Chulainn.
Déanfaidh an tionscnamh leas do gheilleagar tuaithe i limistéar Bhaile na Lorgan agus Dheisceart Ard Mhacha trí fhorbairt íogair a acmhainní nádúrtha chun an turasóireacht a mhéadú agus tacaíocht a thabhairt do ghnóithe na háite chun postanna a chothabháil agus a chruthú sa cheantar.
Thar na trí bliana atá romhainn féadfaidh an tionscnamh Ionad Eachtraíochta Teaghlaigh agus Amfaitéatar a thógáil ar Shliabh gCuillinn chomh maith le Cosáin an tSléibhe a athchóiriú chun rian corpacmhainne do dhaoine fásta a chruthú.
Cuirfear feabhas ar acmhainní slatiascaireachta ag Loch Mucnú agus forbróidh siamsaíocht theaghlaigh breise nuair a chruthódh páirc súgartha ann. Tabharfaidh an tionscnamh tacaíocht do ghnóithe nua nuair cuirfear seacht n-aonaid fhiontair ar fáil i mBéal Átha Beithe, Co. Mhuineacháin.
Le haghaidh eolais breise déan teagmháil le
jonathan.mcgilly@newryandmourne.gov.uk
Gairmeacha i gComhairle an Iúir agus Mhúrn
An bhfuil a fhios agat go bhfuil breis is 500 daoine fostaithe ag Comhairle an Iúir agus Mhúrn? Tá foireann na Comhairle lonnaithe in áiteanna éagsúla ó Chrois Mhic Lionnáin go hÁth na Long agus príomhoifigí na Comhairle ar an Iúr. Tá réimse leathan do phostanna ag foireann na Comhairle. Pléann muid le cúrsaí airgeadais, gnáthbhainistíochta, sheirbhísí comhshaoil agus fóillíochta, fhorbairt eacnamaíochta agus an phobail, chomh maith le cursaí na Gaeilge, acmhainní daonna, tiomána(LGV), Garraíodóireachta, cabhlaigh, seirbhísí garáiste, cheantín, turasóireachta ……téann an liosta ar aghaidh. Le haghaidh tuilleadh eolais ar ghairmeacha na Comhairle tabhair cuairt ar -
www.newrycareers.com.