|

Ó bhunaíodh an Rannóg Sheirbhísí
Pobail sa bhliain 1977 tá an-obair déanta aige agus
go dtí seo tá 37 ionad pobail tógtha ag an
Chomhairle ar fud an cheantar. Trína hOifigeach Sheirbhísí
Pobail agus na hOifigigh Forbartha Pobail cuireann an Chomhairle
seirbhís bainistíochta agus comhairlithe leanúnach
ar fáil do chumainn pobail sa cheantar. Eagraíonn
an rannóg seo scéimeanna súgartha, féilte
pobail agus siamsaíocht agus cúrsaí oiliúna
i rith na bliana.
Is gnéithe tábhachtach
iad i saol an phobail ealaín agus cultúr. Tá
ceantar an Iúir agus Mhúrn saibhir le sóchmainní
ealaíonta, cultúrtha, stairiúla agus radharcacha
atá mar bhunadh d'fhorbairt ghníomhaíochtaí
ealaíon a úsáideann na sóchmhainní
seo ina n-iomláine. Tá Riarthóir Ealaíon
na Comhairle, atá lonnaithe i dTeach na hÉigse, freagrach
do bhainistíocht agus eagraíocht fhorbairt na nEalaíon.
|